Deuteronomy 23:20 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Do choimhidhtheach féaduidh tú áirleagadh do thabhairt ar úsuireachd; achd dot dhearbhrathair ní fhéadan tú áirleagadh do thabhairt ar úsuireachd: chor go mbeinneochaidh do THIGHEARNA Día thú ann gach uile ní iona ccuirfe tú do lámh annsa tír a ttéid tú dá shealbhughadh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ní miste duit ús a éileamh ar iasacht do choimhthíoch, ach ná héiligh ús ar iasacht do do dheartháir, i dtreo go gcuirfidh an Tiarna do Dhia a bheannacht ort i ngach a ndáileann do lámh sa tír atá tú le dul isteach ann agus a shealbhú.