Deuteronomy 25:9 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ann sin tiucfaidh bean a dhearbhrathar chuige a lathair na sinnsear, agus scaóilfidh sí a bhróg dhá chois, agus buáilfe sí seile na éadan, agus freagoruidh sí, dhá rádh, Mar sin do dheantar ris an té nach ccuirfe tigh a dhearbhrathar súas.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
ansin téadh bean a dhearthár chuige i láthair na seanóirí agus baineadh sí an cuarán dá chois, agus caitheadh sí seile san aghaidh air, agus abradh sí: 'Sin í an íde a thugaimid ar an té nach gcothaíonn teach a dhearthár,'