Deuteronomy 26:12 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ A nuáir chuirfios tú crích ar ghabhail deachmhuidh do bhisigh uile an treas bliadhain, bhadhuin ghabhala na deachmhuidh, agus go ttug tú í don Lebhíteach, agus don choimhitheach, agus don dilleachda, agus don bhaintreabhuigh, ionnus go nithid taobh a stigh dot dhoirsibh, agus go mbéid sáitheach;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Sa tríú bliain, bliain na ndeachúna, nuair a bheidh deireadh dheachú do thorthaí go léir íoctha agat agus go mbíonn sí tugtha agat don Léivíteach, don deoraí, don dílleachta, agus don bhaintreach, agus go mbíonn sí ite acu in bhur mbailte agus go mbíonn a sáith acu,