Deuteronomy 3:18 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ Agus do aithin misi dháoibh a nuairsin, dhá rádh, Thug an TIGHEARNA bhur Ndía an fearannsa dháoibh dá shealbhughadh: rachtháoi thairis armtha a lathair bhur ndearbhráithreach clann Israel, a nuile dhuine dá bhfuil iomchubhaibh chum an chogaidh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Thug mé an t-ordú seo daoibh an uair sin: 'Thug an Tiarna bhur nDia an tír seo in bhur seilbh daoibh; ní foláir do bhur lucht gaile go léir airm a ghlacadh agus dul anonn ar cheann bhur mbráithre, clann Iosrael.