Deuteronomy 31:19 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Annois ar a nadhbharsin scríobhuidhsi an dánso dhíbh féin, agus múinidh do chloinn Israel é: cuiridh ann bhur mbhéuluibh é, chor go mbiáidh an dánsa na fhiadhnuisi agumsa a naghuidh chloinne Israel.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Scríobh an laoi seo más ea agus múin í do chlann Iosrael; cuir ina mbéal í ionas go mba fhinné dom í an laoi seo in aghaidh chlann Iosrael.