Deuteronomy 4:1 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Annois ar a nadhbharsin éistigh, ó a Israel, ris ná reachduibh agus ris na breitheamhnusuibh, noch do mhúin mé dháoibh, chum a ndeanta, chor go mainfidhe, agus go rachtháoi a sdeach agus go sealbhuightháoi an dúthaigh do bheir an TIGHEARNA Día bhur naithreadh dháoibh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Anois, más ea, a Iosrael, tabhair aird ar na dlíthe agus na reachtanna a mhúinim daoibh; comhlíonaigí iad i dtreo go mairfeadh sibh agus go rachadh sibh isteach agus seilbh a ghlacadh ar an bhfearann atá an Tiarna, Dia bhur n-aithreacha, á thabhairt daoibh.