Ecclesiastes 12:5 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
A nuáir fós bhías eagla orra ó ní árd, agus ó chritheagal annsa tslighe, agus bhláitheochus an crann almonda, agus go madh húalach an dréollán teasbhuidh, agus fhailleochus an fonn: do bhrígh go ttéid an duine go háit a sháoghail, agus go ttéid na cumhthuigh timchioll na sráideann:
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
nuair a bhíonn eagla ar dhuine roimh arda agus scanradh air siúl sa tsraid; nuair a bhíonn an crann almóinne faoi bhláth agus an dreoilín teaspaigh ag éirí malltriallach agus caor na cupraisce gan éifeacht; óir tá an duine ag triall ar an áitreabh síoraí agus siúlann na caointeoirí mórthimpeall na sráideanna;