Ecclesiastes 2:11 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Annsin dféuch mé air a nuile obair dá ndéarnadar mo lámha, agus air an tsáothar do oibrigh mé do dhéanamh: agus, féuch, do bhí sé uile na dhíomhaóineas agus na bhuáidhreadh spioraide, agus ní raibh tarbha faói an ngréin ann.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
D' iompaigh mé ansin chun breathnú ar na hoibreacha go léir a bhí déanta ag mo lámha agus ar an saothar uile ar chaith mé mo dhúthracht leis; agus féach, ní raibh san iomlán de ach baois agus tóraíocht gaoithe ná ní raibh tairbhe dá laghad le baint as faoi luí na gréine.