Ecclesiastes 5:15 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Mar tháinic sé amach as broinn a mhathar, fillfidh sé tárrnochd dimtheacht mar tháinic sé, agus ní bhéara sé eínni dha sháothar, do bhéaradh sé leis iona láimh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
14 Mar a tháinig sé amach as broinn a mháthar, is amhlaidh sin a imeoidh sé arís; chomh tarnocht agus a tháinig sé agus gan dada aige de bharr a shaothair a fhéadfaidh sé a thabhairt leis.