Ecclesiastes 5:18 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ Féuch an ní sin do chonnairc misi: is maith agus is breádha do dhuine ithe agus ól, agus sólásughadh a maíth a sháothair uile noch ghlacas sé faói an ngréin air feadh uile laethe a sháoghail, noch do bheir Día dhó: óir isé sin a chuid ronna.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
17 Is é rud atá feicthe agam gur maith agus gur cóir don duine ithe agus ól agus aoibhneas a bhaint as an saothar uile a dhéanann sé abhus faoi luí na greine sa roinnt bheag laethanta a thugann Dia dó; mar is é sin a chinniúint.