Ecclesiastes 5:8 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ Má chí tú fóirneart air an mbocht, agus cláonadh éigiontach breitheamhnuis agus ceirt a bproibhinnse, ná bíodh iongnadh agad annsa chúis: óir airighidh an té is airde ná an té is ro áirde: agus atá ann ní is áirde ná íadsan.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Má fheiceann tú foréigean á imirt ar bhochtáin agus an ceart agus an chóir á gcur as a ríocht sa stát, ná bíodh aon ionadh ort faoi, mar bíonn an t-ardfheidhmeannach ag faire ar an bhfeidhmeannach agus tá feidhmeannaigh eile ann atá níos airde ná ceachtar acu. 7