Ecclesiastes 8:15 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Annsin do mhol mé an subhachas, do bhrígh nach bhfuil ní is féarr ag an nduine faói an ghréin, na ithe, agus ól, agus beith subhach: óir fanfuidh sin aige do sháothar láethe a bheatha, noch do bheir Día dhó faói ngréin.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Molaimse mar sin an t-aoibhneas; óir níl aon ní fónta eile ann don duine abhus faoi luí na greine ach bheith ag ithe agus ag ól agus ag déanamh aoibhnis, agus go bhfanfaidh sé seo leis ina chuid saothair ar feadh laethanta na beatha a thugann Dia dó abhus faoi luí na gréine.