Ephesians 1:12 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ionnas go mbemísne lér tosuigheadh dóigh do bheith aguinn a Gcríosd, chum molta a ghlóiresion.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
chum go mairfimís chum clú a ghlóire, sinne ba luaithe do chuir ár ndóchas i gCríost:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
ár mbeatha a chaitheamh chun a ghlóire, ó chuireamar ár ndóchas i gCríost ar dtús.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
a bheith ar na chéad daoine a chuirfeadh a muinín i gCríost chun moladh agus glóire Dé.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
a bheith ar na chéad daoine a chuirfeadh a muinín i gCríost chun moladh agus glóir Dé.