Ephesians 1:13 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ann a bhfuil bhur ndóíghse mar an gcéudna, ar gclos bréithre na fírinne dhíbh, shoisgéil bhur slánaighthe: trér cuireadh fós séula oruibh íar gcreideamh dháoibh, tré Sbiorad náomhthá na geallamhna.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
’n‐ar chuir sibhse, leis, tar a éis daoibh briathar na fírinne do chlos, soiscéal ár slánuighthe — an té ’n‐ar chreideabhar, agus gur cuireadh séala Spioraid Naoimh na geallamhna oraibh,
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus ó chuala sibhse briathar na fírinne, soiscéal bhur slánaithe, agus a chreid sibh i gCríost, cuireadh séala oraibh freisin i gCríost leis an Spiorad Naomh a bhí geallta daoibh,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus is i bpáirt leis a roghnaíodh sibhse freisin, nuair a chuala sibhse briathar na fírinne agus dea-scéal bhur slánaithe, nuair a chreid sibh ann agus gur buaileadh oraibh stampa an Spioraid Naoimh a bhí geallta.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus is i bpáirt leis a roghnaíodh sibh-se freisin, nuair a chuala sibh-se briathar na fírinne agus dea-scéal bhur slánaithe, nuair a chreid sibh ann agus gur buaileadh oraibh stampa an Spioraid Naoimh a bhí geallta.