Ephesians 2:11 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uime sin bíodh ar coimhne aguibh, ar mbeith dhaóibh a nallód bhur Gcineadhachuibh sa bhfeóil, da ngoirthí an Neamhthimchillghearradh ris an druing da ngoirthear an Timchillghearradh do níthear lé lamhuibh sa bhfeóil;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Cuimhnighidh’ d’á bhrigh sin, sibh‐se Cineadhacha do réir na feola, ar a bhfuil Neamh‐thimcheall‐ghearradh tugtha mar ainm aca‐san ar a dtugtar Timcheall‐ghearradh mar ainm, san bhfeoil, do rinneadh le lámhaibh,
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Cuimhnígí mar sin ar an am a chuaigh thart. Is Gintlithe sibh de réir folaíochta. An dream a bhfuil ainm an timpeallghearrtha (láimhdhéanta chollaí) orthu, thug siad an neamh-thimpeallghearradh oraibh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Cuimhnígí, dá bhrí sin, ar an mbail a bhí oraibhse tráth sibhse na gintlithe ó dhúchas a raibh «lucht an fhorchraicinn» mar ainm oraibh ag an dream a thugadh «lucht an timpeallghearrtha» orthu féin, ag tagairt don mharc lámhdhéanta úd ar an gcolainn.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Cuimhnígí, dá bhrí sin, ar an mbail a bhí oraibhse tráth–sibh-se na gintlithe ó dhúchas a raibh ‘lucht an fhorchraicinn’ mar ainm oraibh ag an dream a thugadh ‘lucht an timpeallghearrtha’ orthu féin, ag tagairt don mharc lámhdhéanta úd ar an gcolainn.