Ephesians 2:20 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ar mbeith díbh áitighthe ar fhonndameint na nabsdal agus na bhfáigheadh, ar mbeith Díosa Críosd féin na chloich chinn ag an ccuáinne;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
atá sibh tógtha ar bhun na n‐abstal agus na bhfáidh gur ab é Críost féin an phríomh‐chloch chúinne dhe;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Is iad na haspail agus na fáithe bhur mbun, agus is é Íosa Críost an chloch chúinne,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Is foirgneamh sibh a bhfuil na haspail agus na fáithe ina mbunsraith faoi agus Críost Íosa féin ina chloch chinn chúinne aige.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Is foirgneamh sibh a bhfuil na haspail agus na fáithe ina mbunsraith faoi agus Críost Íosa féin ina chloch chinn chúinne aige.