Ephesians 3:8 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Dhúmhsa, is lúgh na an tí as lúgha do na huile náomhuibh, do tugadh an grás so, eadhon saidhbhreas dóchúartuigthe Chríosd do shoisgéulughadh a measg na Gcineadhach.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Dámh‐sa, atá níos lugha ’ná an té is lugha de na naomhaibh go léir, tugadh an grása so, chum saidhbhreas do‐chuarduighthe Chríost do sheanmorú do na Cineadhachaibh;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Dá shuaraí mé i mease a bhfuil de naoimh ann, is dom a tugadh an grásta seo, go mbeinn ag craobhscaoileadh shaibhreas dochuimsithe Chríost i mease na nGintlithe,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Is mé an duine is dearóile de na naoimh go léir, ach is domsa a tugadh an grásta seo: saibhreas dochuimsithe Chríost a fhógairt do na gintlithe
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Is mé an duine is dearóile de na naoimh go léir, ach is dom-sa a tugadh an grásta seo: saibhreas do-chuimsithe Chríost a fhógairt do na gintlithe