Ephesians 4:14 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ionnus nach beimís ó so amach ar leanbuibh, dár mbogadh agus dár nglúasachd, fa gcuáirt ré gach uile shuinnéun teaguísg, ré cleasradh dáoineadh, agus ris an ngliocas ceilge, an a mbíd ag luigheachan chum mealltóireachd;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
chum miosúir áirde iomláine Críost: ionnas nach mbéidmíd feasta ’n‐ár leanbhaibh, d’ár luascadh siar, aniar, d’ár scuabadh chum siubhail ag gach gaoith teagaisc, ag cleasaidheacht lucht ceilge, ag a gclisteacht chum mealltóireachta:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus gan bheith mar pháistí, á luascadh anonn is anall agus á dtiomáint thart ag baothghaotha teagaisc, agus daoine ag imirt a gcleas orthu go cluanach glic.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ní bheimid inár naíonáin feasta, dár luascadh i measc na dtonn agus dár gcaitheamh anonn agus anall ag gach leoithne theagaisc dá séideann le cealg dhaoine agus a chlisteacht atá siad chun duine a sheoladh ar a aimhleas.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ní bheimid inár naíonáin feasta, dár luascadh i measc na dtonn agus dár gcaitheamh anonn agus anall ag gach leoithne theagaisc dá séideann le cealg daoine agus a chlisteacht atá siad chun duine a sheoladh ar a aimhleas.