Ephesians 4:28 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
An tí do rinne goid ná gadah ní sá mhó: achd go madh luáithe dheánas sé sáothar, ag oibriughadh maitheasa ré na lámhuibh féin, ionnus go mbíádh ní aige ré thabhairt don tí air bhfuil ríachdanus.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
ná déanadh sé goid ’n‐a dhiaidh seo: acht ’n‐a ionad sin déanadh sé saothar, ag déanamh oibre fóghanta le n‐a lámhaibh, ar mhodh go mbéidh rud aige le tabhairt do’n té atá ’n‐a easbaidh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ná téadh an gadaí a ghadaíocht níos mó, ach i gcionn oibre, ag cur a lámh i saothar ionraic, ionas go bhféadfaidh sé roinnt leis an té atá i riachtanas.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
An té a bhíonn ag goid, ná déanadh sé goid níos mó ach bíodh sé ag obair go macánta lena dhá láimh féin ionas go mbeadh rud aige le roinnt ar an té atá ar an ngannchuid.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
An té a bhíonn ag goid, ná déanadh sé goid níos mó ach bíodh sé ag obair go macánta lena dhá lámh féin ionas go mbeadh rud aige le roinnt ar an té atá ar an ngann-chuid.