Ephesians 4:29 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ná tigheadh bríathar ar bith thruáillighe amach as bhur mbéul, achd gidh bé bríathar fhoghnas chum follamnuighthe, ionnus go dtíubhradh grása don luchd éisdeacha.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Ná leigidh d’aon droch‐chainnt teacht as bhur mbéal, acht cainnt fhóghanta rachas chum tairbhe, do réir mar bhéas gábhadh léi, chum go dtiubhraidh sí grása do’n lucht éisteachta.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nár thaga aon drochchaint as bhur mbéal, ach comhrá maith a oireas don ócáid, a mbainfidh an té a éisteas leis gnaoi agus tairbhe aisti.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ná tagadh oiread agus drochfhocal amháin as bhur mbéal ach an dea-fhocal fointeach a oirfidh don ócáid agus a rachaidh chun sochair don lucht éisteachta.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ná tagadh a oiread agus droch-fhocal amháin as bhur mbéal ach an dea-fhocal fointeach a oirfidh don ócáid agus a rachaidh chun sochair don lucht éisteachta.