Ephesians 4:8 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uime sin a deir sé, Ar ndul dó súas a náirde, go rug sé an bhruid a mbráighdeanas ris, agus tug sé tioghlaice do dháoinibh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Uime sin is eadh adeir sé, Do chuaidh sé suas i n‐áirde, rug sé braighdeánas ’n‐a bhraighdeán, Agus thug sé bronntanais do na daoinibh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Deirtear mar sin, “Nuair a chuaigh sé in airde ghabh sé mórshlua giall, agus bhronn sé tíolaicí ar dhaoine,”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
faoi mar a deir an scrioptúr: «Ar dhul in airde dó, ghabh sé slua cimí agus thug tabhartais do dhaoine.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
faoi mar a deir an scrioptúr: “Ar dhul in airde dó, ghabh sé slua cimí agus thug tabhartais do dhaoine.”