Ephesians 5:27 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Chum a déunta dhó féin na heagluis ghlórmhuir, gan cháidhe, gan chasadh, ná ní as cosmhuil ríu sin; achd ionnus go mbíadh sí náomhtha neimhchionntach.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
chum an eaglais do chur i n‐áirithe dhó féin mar eaglais ghlórmhar, gan smál, gan roc, gan éinnidh d’á shamhail: acht go mbéadh sí beannuighthe, gan locht.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
go dtí go mba eaglais ghlórmhar aige í, nach bhfuil ciothramach ná ruicneach ná lochtach, ach í niamhghlan naofa.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
d' fhonn í réiteach dó féin ina hEaglais niamhrach, gan smál ná roc uirthi ná aon ní dá shórt ach í naofa gan cháim.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
dʼfhonn í réiteach dó féin ina hEaglais niamhrach, gan smál ná roc uirthi ná aon ní dá shórt ach í naofa gan cháim.