Ephesians 5:31 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Dá bhrígh so fúigfidh duine a athair agus a mhathair, agus bíadh sé ceanguilte dhá mhnáoi, agus béid a ráon na náoin fheóil.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Is ar an adhbhar sin fhágfas fear a athair agus a mháthair, agus chlaoidhfeas sé le n‐a mhnaoi; agus béidh siad araon ’n‐a n‐aon fheoil amháin.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
“Dá bhrí sin tréigfidh fear a athair agus a mháthair le gabháil chuig a bhean, agus déanfar aon lánúin amháin den bheirt.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Mar sin de, fágfaidh duine a athair agus a mháthair chun bheith dlúth i bpáirt lena bhean agus aon cholainn amháin a bheidh sa bheirt acu.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“Mar sin de, fágfaidh duine a athair agus a mháthair chun a bheith dlúth i bpáirt lena bhean agus aon cholainn amháin a bheidh sa bheirt acu.”