Ephesians 6:5 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
A shearbhfhoghantuighidh, bíghidh úmhal dá bhur maighisdribh do réir na féola, maille ré faitcheas agus ré criothnughadh, a bhfíorghloine bhur gcroidheadh, amhuil do bhíadh sibh, do Chríosd;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
A sheirbhíseacha, bidhidh umhal d’bhur máighistribh do réir na feola, le h‐eagla agus le criothnú, i simplidheacht bhur gcroidhe, mar dheanfadh sibh do Chríost é;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
A dhaora, umhlaígí do bhur máistrí saolta, le critheagla agus le hionracas croí, mar a dhéanfadh sibh do Chríost;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
A sheirbhíseacha, bígí umhal ómósach do bhur máistrí saolta le dílseacht chroí mar a bheadh sibh do Chríost féin,
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
A sheirbhíseacha, bígí umhal ómósach do bhur máistrí saolta le dílseacht chroí mar a bheadh sibh do Chríost féin,