Ephesians 6:9 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus, a mhaighisdri, déunuidhse na neither céudna dhóibhsion, ag cur bagair ar gcúl: ar mbeith a fheasa aguibh go bhfuil bhur Maighisdir féin air neamh mar an gcéudna; agus nach bhfuil féuchuin do phearsuinn seach a chéile aige.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus sibh‐se, a mháighistrí, déanaidh dhóibh‐sean mar an gcéadna, gan bheith ag bagairt ortha; agus a fhios agaibh go bhfuil a Máighistir‐sean agus bhur Máighistir‐se ar neamh, agus nach bhféachann sé do phearsain duine seachas a chéile.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
A mháistri, déanaigí mar an gcéanna leo, gan bheith ag bagairt orthu, ó tá a fhios agaibh go bhfuil máistir agaibhse agus acusan araon ar neamh, a thugas breith gan bheann gan bhá.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus sibhse, a mháistrí, déanaigíse mar an gcéanna dóibh; caithigí uaibh an bhagairt agus bíodh a fhios agaibh go bhfuil an Máistir céanna agaibhse agus acusan ar neamh agus gur cuma leis siúd duine seachas a chéile
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus sibh-se, a mháistrí, déanaigí-se mar an gcéanna dóibh; caithigí uaibh an bhagairt agus bíodh a fhios agaibh go bhfuil an Máistir céanna agaibh-se agus acu-san ar neamh agus gur cuma leis siúd duine seachas a chéile