Esther 1:20 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a núair fhoillseochar órdughadh an rígh noch do bhéara sé úadh air feadh a impireachta oile, (bíodh gur mor í), do bhéaruid na mná uile onóir dá bhfearuibh, araon don mhór, agus don bheag.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Déantar an forógra seo a thabharfaidh an rí á fhógairt ó cheann ceann a ríochta fairsinge, agus tabharfaidh na mná go léir urraim dá bhfir chéile, idir uasal agus íseal.»