Esther 4:16 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Imthigh, cruinnigh a bhfochair a chéile a bhfuil do Iuduighibh a lathair a Súsan, agus troiscidh ar mo shonsa, agus ná hithigh agus ná hibhidh a ttrí lá, doidhche ná ló: troisgfe misi agus mo mhaighdiona mar an gcéadna; agus marsin rachuidh mé a steach chum an rígh, bíodh nach do reír an dlighe: agus má bhásuighthear me, básuighthear me.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Imighse anois agus cruinnigh na Giúdaigh go léir atá i Súsa, agus déanaigí troscadh ar mo shon, gan bia ná deoch a chaitheamh de lá ná d' oíche ar feadh trí lá. Agus déanfaidh mise troscadh mar an gcéanna le mo bhantracht, agus rachaidh mé isteach go dtí an rí ansin, bíodh go bhfuil sé in aghaidh an dlí, agus más é an bás atá i ndán dom, bás a gheobhaidh mé.»