Esther 5:2 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus is amhluidh bhí, a nuáir do chonnairc an rígh Ester an bhainríoghan na seasamh annsa chúirt, go bhfuair sí fabhar iona radharc, agus gur shín an rígh chum Ester an ríoghshalt órdha do bhí iona láimh. Mar sin tháinic Ester a ngar dhó, agus do bhean sí re bárr na sláite.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus d' ardaigh sé an tslat órga agus leag ar a muineál í, agus rug barróg uirthi agus dúirt: «Labhair liom.» 2a «A thiarna,» ar sí, «chonaic mé thú mar a bheadh aingeal Dé ann, agus tháinig scanradh croí orm le heagla roimh do ghlóir. Óir is ábhar iontais thú, a thiarna, agus tá do ghnúis lán de chneastacht.» 2b Agus le linn di a bheith ag caint mar sin, thit sí i laige; bhí suaitheadh ar an rí agus bhí a lucht freastail go léir ar a ndícheall ag iarraidh í a thabhairt chuici féin.