Esther 8:11 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ionta sin dáontuigh an rígh do na Iúduighibh ann gach áon chathruigh a rabhadar íad féin do chruinniughadh a bhfochair a chéile, agus seasamh ar son a nanma, do dhíobhadh, do mharbhadh, agus do sgrios, cumhacht an phobail agus na proibhinnse uile do chuirfeadh na naghaidh, a ndaoine beaga aráon agus a mná, agus a néadail do bhuain díobh mar chreich,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Cheadaigh an rí do na Giúdaigh de réir na n-orduithe sin, cibé cathair ina raibh cónaí orthu, cruinniú le chéile chun iad féin a chosaint, agus aon fhórsa armtha ó aon chine nó ó aon chúige a dhéanfadh ionsaí orthu a dhíothú agus a scrios agus a mhilleadh, mná agus leanaí agus uile, agus a maoin a chreachadh;