Esther 8:17 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ann gach aon phroibhinnsi, agus an gach áonchathruigh, gidh bé áit a ttáinic aithne an rígh agus a órdughadh, fúaradar na Iúduighe gáirdeachus agus lúathgháir, féusta agus lá maith. Agus thangadar móran do mhuinntir na tire do bheith na Niúduighibh; óir do luigh eagla na Niúduigheadh orra.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
I ngach cúige agus i ngach cathair dár shroich ordú agus reacht an rí, bhí áthas agus aoibhneas ar na Giúdaigh agus fleá agus féile acu. Agus rinneadh a lán de na ginte a thimpeallghearradh agus d' iompaíodar ina nGiúdaigh le heagla roimh na Giúdaigh.