Esther 8:9 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ann sin do goireadh scribneóiridh an rígh sa nam sin ar an treas mí, (sí sin an mhí Síbhan), ar an treas lá fithchiod don mhí sin; agus do scriobhadh (do réir a nuile ní dá ttug Mordecai uadh) chum na Níuduigheadh, agus chum fhéara ionuid an rígh, agus na mbreitheamhan, agus úachdarán na bproibhinnseadh, noch atá ón India go nuige Etiopia, céud agus fithche agus seachd bproibhinnsi, chum gach áon phroibhinnsi do réir a scríbhinne sin, agus chum gach éanphobail do réir a tteangtha, chum na Níuduigheadh do réir a scribhinne, agus do réir a tteangtha.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Cuireadh fios ar scríobhaithe an rí ar an toirt ba é an tríú mí é, mí Síveán, agus an tríú lá fichead den mhí agus scríobhadh orduithe de réir mar a dheachtaigh Mordacaí, do na Giúdaigh, do na cúigigh, do na gobharnóirí agus do lucht ceannais na gcúigí go léir ón Ind go dtí an Aetóip céad fiche a seacht gcúige do gach cúige ina scríbhinn féin, agus do gach cine ina theanga féin, agus do na Giúdaigh ina scríbhinn agus ina dteanga féin.