Esther 9:19 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uime sin do rinneadar Iúduighe na mbailteadh mbeag do chomhnuidh a mbaíltibh gan bhalladha, an ceathramhadh lá déag do mhí Adar na lá lúathgháire agus féusta, agus na lá mhaith, agus do chur oirchiseacht chum a chéile.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Uime sin a dhéanann na Giúdaigh, a chónaíonn sna sráidbhailte agus atá ag cur fúthu sna bailte gan bhallaí, lá aoibhnis agus fleá agus saoire den cheathrú lá déag de mhí Adár, agus lá ar a gcuireann siad togha spólaí chun a chéile. 19a Ach iad siúd atá ag cur fúthu sna cathracha, is ar an gcúigiú lá déag den mhí a bhíonn an lá aoibhnis acu agus a chuireann siad spólaí chun a chéile.