Exodus 10:12 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dubhairt an TIGHEARNA re Maóise, Sín amach do lámh ós cionn chríche na Hégipte, do thabhairt na locuistigh, ar chor go ttiucfaid súas ar thalamh na Hégipte, agus go nithid gach uile luibh ar an ttalumh, a nuile ní dár fhág an chloichshneachda.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin dúirt an Tiarna le Maois: «Sín do lámh amach os cionn talamh na hÉigipte chun na lócaistí a thabhairt i dtreo go dtiocfaidh siad anuas ar thalamh na hÉigipte agus gach glasra ar an talamh, gach a d' fhág an clochshneachta, a alpadh.»