Exodus 15:25 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do eígh seision ar an TTIGHEARNA, agus do thaisbéin an TIGHEARNA crann dó, noch a nuair do chaíth sé is na huisgidhibh, do rinneadh na huisgidhe mílis: annsin do rinne sé gnáth, agus ordúghadh, agus is ann sin do dhearbh sé íad;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ghlaoigh Maois chun an Tiarna agus thaispeáin an Tiarna crann dó; chaith Maois é sin isteach san uisce agus d' éirigh sé milis. Ansiúd a rinne [an Tiarna] statúid agus reacht dóibh; ansiúd a rinne sé iad a phromhadh.