Exodus 16:13 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus tárla trathnóna, go ttangadar na gearraghuirt súas, agus gur fholuigheadar an campa: agus ar maidin do luigh an drúchd fá gcuáirt a dtimchioll an tsluáigh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus is amhlaidh a bhí; an tráthnóna sin tháinig gearga aníos agus líonadar an campa go léir; agus ar maidin bhí brat drúchta timpeall an champa.