Exodus 16:8 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dubhairt Maóise, Bíaidh an ní marso, a nuáir do bheura an TIGHEARNA dhibh tráthnóna féóil re ithe, agus ar maidin arán bhur sáith; do chionn go gcluin an TIGHEARNA bhur munbhar noch do nithí do mhunbhar na aghuidh: óir ciodh sinne? ní ar naghuidhne atáid bhur munbhar, achd a naghuidh an TIGHEARNA.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúirt Maois: «Um thrathnóna tabharfaidh an Tiarna feoil daoibh le hithe, agus ar maidin arán go smig; óir chuala an Tiarna na gearáin a rinne sibh ina choinne; ní inar gcoinne-ne bhur ngearain óir céard é sinne? ach i gcoinne an Tiarna.»