Exodus 17:12 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd do bhádar lámha Mhaóise trom; agus do ghlacadar cloch, agus do chuireadur fáoi é, agus do shuigh sé uirre; agus do chonnuimh Aáron agus Hur a lámha súas, áon díobh ar tháobh dhe, agus áon ar tháobh eile; agus do bhádur a lámha seasmhach go dul na gréine fáoi.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach bhuail tuirse lámha Mhaois agus fuaireadar cloch agus chuireadar faoi í. Shuigh sé uirthi agus Árón agus Húr ag coinneáil a lámh in airde, duine ar gach taobh de, agus bhí a lámha gan cor astu go fuineadh gréine.