Exodus 18:7 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do chuáidh Maóise a mach a ccoinne a chleamhna, agus do rinne umhla agus tug póg dhó; agus do fhiafruigh gach neach dhiobh dá chéile cionnus do bhádar: agus tangadur don lóistín.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Amach le Maois in airicis athair a chéile agus shléacht sé dó agus phóg é; tar éis dóibh tuairisc sláinte a chéile a chur, chuadar isteach sa bhoth.