Exodus 29:36 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ofráilfaidh tú gach áon lá damh ar son ofrála pheacaidh: ar son síothchána: agus glanfa tú a naltóir, a nuáir do dheana tú síth ar a son, agus ungfa tú í, dá náomhadh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Gach lá díobh ofrálfaidh tú tarbh mar íobairt pheaca ina leorghníomh; ofrálfaidh tú íobairt pheaca leis ar mhaithe leis an altóir ag déanamh leorghnímh ar a son agus déanfaidh tú í a ungadh lena coisreacan.