Exodus 29:41 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus an túan eile ofrailfidh tú um nóin, agus do dhéana tú ris do réir na hofrála bídh e na maidne, agus do réir na hofrála dighe na maidne, mar bholadh mhaith: is ofráil í déanta le teinidh don TIGHEARNA.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Déanfaidh tú an t-uan eile a ofráil, tráthnóna idir dhá sholas, maille le hofráil arbhair agus a hofráil dí mar a bhí ar maidin, le bheith ina bholadh cumhra agus ina íobairt loiscthe don Tiarna.