Exodus 3:4 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a nuáir do chonnairc an TIGHEARNA gur fhill sé a leathtaoibh dá fhaicsin sin, do ghoir Día air amach as lár na cráoibhe, agus a dubhairt, A Mhaoisi, a Mhaoisi. Agus a dubhairt seision, Atáim annso.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a chonaic an Tiarna é agus é ag dul i leataobh á fheiceáil, ghlaoigh Dia air ón tor: «A Mhaois, a Mhaois!» «Anseo dom,» ar sé.