Exodus 32:13 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Cuimhnigh Abraham, Isáac agus Israel, do sherbhísigh, dá ttug tú thú féin mar mhionnuibh, agus a dubhairt tú ríu, Do dhéana mé bhur síol comhlíonmhur re réultuibh nimhe, agus an dúthaidhsi uile air ar labhair mé, do bhéura mé dá bhur síol, agus béid iona hoighreachd gu bráth.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Cuimhnigh ar Abrahám, ar Íosác agus ar Iosrael, do shearbhóntaí, dár mhionnaigh tú dar thú féin agus dár gheall tú: 'Déanfaidh mé bhur síol chomh líonmhar le réaltaí neimhe, agus an tír seo go léir a gheall mé, tabharfaidh mé do bhur sliocht é agus beidh sé ina oidhreacht acu go síoraí.'»