Exodus 33:1 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dubhairt an TIGHEARNA ré Maóise, Gluáis agus éirigh súas as so, thusa agus an pobál thug tú leachd a mach as crích na Hégipte, don tír do mionnuigh misi do Abraham, do Isaac, agus do Iácob, dhá rádh, Dot shíol do bhéura mé é:
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúirt an Tiarna le Maois: «Fág an áit seo; imigh leat, tú féin agus an pobal a thug tú amach as tír na hÉigipte, agus téigh chun na tíre a mhionnaigh mé d' Abrahám, d' Íosác agus do Iacób leis na focail: 'Tabharfaidh mé do do shíol é.'