Exodus 34:20 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd céadghin assail fuáisceola tú le húan: agus muna bhfuascla tú é, annsin brisfe tú a mhuinéul. Fuaisceóla tú céidbhreith do mhac uile. Agus ní thiucfa éanduine dom lathairsi folamh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Céadghin asail, fuascail é le huan, nó mura bhfuasclaíonn tú, bris a mhuineál. Fuascail gach céadghin ar do mhic. Ná tagadh aon duine i mo láthair gan rud aige.