Exodus 37:25 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do rinne sé altóir na túise do chrann Sitim: bá cubhad a fad, agus cubhad a leithead; do bhí sí ceathairbheannach, agus dhá chubhad na hairde, do bhádar a beanna don ccéadna.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Rinne sé altóir na túise d' adhmad sitím. Bhí sí banlámh ar fad, banlámh ar leithead; comhfad comhleithead is é sin, agus dhá bhanláimh ar airde; bhí a beanna d' aon phíosa léi.