Exodus 37:26 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do fholuigh sé í le hór fíorghlann, aráon a huachdar, agus a taóibh fa gcúairt, agus a beanna: mar an gceadna do rinne sé dhi coróin óir timchioll fá gcuairt.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Rinne sé í a chumhdach d' ór fíre a barr, a cliatháin timpeall agus a beanna, agus í a mhaisiú le múnláil óir mórthimpeall uirthi.