Exodus 39:14 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do bhádur na clocha do réir anmanna chloinne Israel, a dó dhéag, dó réir a nanmann, amhail ghrábháil shignéid, gach éanduine gun a ainm, do réir an dá threibh dhéug.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Bhí ainmneacha chlann Iosrael orthu, agus a dó dhéag a líon de réir líon na n-ainmneacha. Bhíodar greanta mar a bheadh séalaí, a ainm féin greanta ar gach ceann, ag freagairt don dá threibh déag.