Exodus 4:14 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do las fearg an TIGHEARNA re Máoisi, agus a dubhairt, Nach é Aáron an Lébhíteach do dhearbhrathair? atá a fhios agam go labhrann sé go maith. Agus mar an gcéadna, féuch, atá sé ag teachd amach do theagmháil riot: agus a nuair do chífe sé thú, biáidh lúthgháireach iona chróidhe.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin las fearg an Tiarna in aghaidh Mhaois agus dúirt sé: «Nach bhfuil Árón an Léivíteach do dheartháir agat? Is eol dom é a bheith soilbhir. Tá sé chugat agus nuair a fheicfidh sé thú beidh áthas croí air.