Exodus 4:18 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do imthigh Máoisi, agus do fhill ar létro a chlíamhuin, agus a dubhairt ris, Guidhim thú léig dhamsa ímtheachd, agus filleadh ar mo dhearbhráithribh atá sa Négipt, dá fhéachuin an bhfuilid béo fós. Agus a dubhairt Iétro ré Máoisi, Eirigh a siothcháin.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
D' imigh Maois agus ar ais leis go Iatró, athair a chéile, agus dúirt leis: «An bhfuil cead agam, le do thoil, filleadh ar mo mhuintir san Éigipt féachaint an beo dóibh i gcónaí?» Agus dúirt Iatró le Maois: «Imigh faoi shíocháin.»