Exodus 8:28 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dubhairt Phárao, Léigfe mé dhaóibh imtheachd, go ndearnthaoi iodhbuirt don TIGHEARNA bhur Ndía san bhfásach; amháin ní rachtáoi a bhfad; guidhidh ar mo shon.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Ligfidh mé daoibh,» arsa Forann, «dul agus íobairt a dhéanamh don Tiarna bhur nDia san fhásach, ach gan sibh a dhul i bhfad ó bhaile. Guígí ar mo shon!»